Nótai don larratasóir Car

CATAGÓIRÍ FHEITHICLÍ INNEALLGHLUAISTE

 
CATAGÓIR  
FEITHICLÍ SA CHATAGÓIR
 
A1  

Gluaisrothair le méid innill de 51 - 125 cc agus/nó acmhainn luais os coinn 45 km/h agus ag a bhfuil rátáil cumhachta gan dul thar 11 kW, le nó gan taobhcharr.

A Gluaisrothair le nó gan taobhcharr.
B (Gluaisteáin agus Veaineanna Éadroma) Feithiclí le cóiríocht iontu do 8 paisinéir nó faoina bhun agus le hollmheáchan feithicle deartha nach mó ná 3,500 kg.
C1 (Veaineanna Móra agus Trucailí Éadroma) Feithiclí le cóiríocht iontu do 8 paisinéir nó faoina bhun agus le hollmheáchan feithicle deartha níos mó ná 3,500 kg ach nach mó ná 7,500 kg.
C (Trucailí) Feithiclí le cóiríocht iontu do 8 paisinéir nó faoina bhun agus le hollmheáchan feithicle deartha níos mó ná 3,500 kg.
D1 (Mionbhusanna) Feithiclí i gCatagóir D le cóiríocht do níos mó ná 8 paisinéir ach gan dul thar 16 phaisinéir.
D (Busanna) Feithiclí le coiríocht do níos ó ná 8 paisinéir.
*EB Feithiclí i gCatagóir B i gceangal le leantóir.
*EC Trucailí Altacha agus Trucailí i gCatagóir C i gceangal le leantóir.
*EC1 Feithiclí i gCatagóir C1 i gceangal le leantóir - ní ceadmhach don dá cheann le chéile dul thar 12,000 kg.
*ED Feithiclí i gCatagóir D i gceangal le leantóir.
*ED1 Feithiclí i gCatagóir B i gceangal le leantóir - ní ceadmhach don dá cheann le chéile dul thar 12,000 kg.
M Feithiclí dérothacha le méid innill nach mó ná 50 cc agus/nó acmhainn luais nach dtéann thar 45 km/h.
W Feithiclí oibre agus tarracóirí talún i gceangal le leantoir nó gan a bheith.

* Le bheith i dteideal do cheadúnas sealadach/tástáil sna catagóirí sin, ní mór duit ceadúnas iomlán a bheith i do sheilbh agat don fheithicil tarraingte.
Ciallaíonn "cóiríocht" cóiríocht suíocháin do phaisinéirí i dteannta an tiománaí.
Ciallaíonn "ollmheáchan feithicle deartha" an tuasmheáchan ualaithe incheadaithe.

I gcás ghluaisrothair ní cheadaítear taobhcharr agus an tástáil á déanamh.

LÁRIONAID TÁSTÁLA
Tá cúig lárionad tástála i mBaile Átha Cliath ag Baile an Teampaill/Ráth Garbh, Fionnghlas, Ráth Eanaigh agus Tamhlacht. Tá lárionaid eile sna bailte seo a leanas: Áth Luain, Béal an Átha, Biorra, Bun Cranacha, Ceatharlach, Cora Droma Rúisc, Caisleán an Bharra, An Cabhán, An Clochán, Cluain Meala, Corcaigh, Dún na nGall, Dún Dealgan, Dún Garbhán, Inis, Gaillimh, Guaire, Cill Chainnigh, Cill Airne, Cill Rois, Leitir Ceanainn, Luimneach, An Longfort, Baile Locha Riach, Mala, Muineachán, An Muileann gCearr, An Nás, An Uaimh, An tAonach, An Caisleán Nua, Portlaoise, Ros Comáin, Sionainn, An Sciobairín, Sligeach, Durlas, Tiobraid Árann, Trá Lí, Tuaim, Tulach Mhór, Port Láirge, Loch Garman agus Cill Mhantáin.

Déanfar gach iarracht an tástáil a eagrú ag an lárionad a ainmneoidh tú. Tabhair ar aird, áfach, nach n-eagraítear tástálacha do na Catagóirí C, EC, EC1, D, ED agus ED1 ach ag líon teoranta lárionad i gcathracha agus i mbailte móra. Mar sin, má dhéanann tú iarratas ar cheann de na tástálacha sin ag lárionad nach n-eagraítear an tástáil sin ann déanfar coinne leat don lárionad is gaire duit ina n-eagraítear í. Más iarratas ar thástáil do Chatagóir W (Tarracóir) nó A1 agus M (Gluaisrothair Bheaga) a chuirfidh tú isteach, féadfaidh tú a iarraidh go gcuirfí an tástáil ort i mbaile is gaire duit féin ná an lárionad sin a luaitear thuas agus déanfar gach iarracht an tástáil a eagrú ar an mbaile sin.

CEANGLAIS MAIDIR LE CEADÚNAS SEALADACH
Chun dul faoi Thástáil Tiomána, ní mór duit Ceadúnas Sealadach a bheith i do sheilbh agat i leith na catagóire inar mian leat go dtástálfaí tú. In imtosca áirithe, braitheann incháilitheacht do Cheadúnas Sealadach ar Cheadúnas iomlán Tiomána a bheith agat le haghaidh feithicle níos lú nó níos éadroime. Mar sin, sula ndéanann tú iarratas ar thástáil, déan deimhin de go bhfuil an Ceadúnas Sealadach ceart agat. Braitheann incháilitheacht don tríú Ceadúnas Sealadach nó do Cheadúnas Sealadach ina dhiaidh sin le haghaidh chatagóir feithicle ar bith ar thástáil tiomána a bheith déanta agat laistigh den tréimhse dhá bhliain roimhe sin nó fianaise a sholáthar do choinne tástála tiomána amach anseo i leith na catagóire feithicle atá i gceist. I gcás an dara ceann, nuair a chuirtear isteach ar an tástáil tiomána ba chóir don iarratasóir iarratas scríofa a chur isteach ón Oifig Mhótarchánach Áitiúil a léiríonn an gá atá le coinne luath tástála tiomána. Má tá aon amhras ort faoi d'incháilitheacht do Cheadúnas Sealadach ba chóir duit an scéal a fhiosrú láithreach le d'Oifig Mhórtarchánach Áitiúil. Is féidir uimhreacha gutháin na nOifigí Mótarchánacha Áitiúla a aimsiú faoin gceannteideal "Údaráis Áitiúla" san Eolaí Teileafón.

Do liosta Oifigí Mótarchánachais, cliceáil anseo ar: Oifigí Mótarchánachais

TÁILLE
Tabhair ar aird gur chóir an táille chuí don chatagóir chuí a bheidh i gceist a bheith i dteannta gach iarratais. Tá na táillí sin leagtha amach anseo thíosAGUS NÍL SIAD INAISÍOCTHA NÁ INAISTRITHEChun iarratas a dhéanamh ar-líne, ní mór duit cárta creidmheasa bailí a bheith agat. Ní mór an t-iarratas Ar-Líne a íoc ag baint úsáide as Visa nó MasterCard. 

  Catagóir A, A1, B, EB, M, W EUR 75
  Catagóir C, C1, D, D1 EUR 110
  Catagóir EC, EC1, ED, ED1 EUR 110

DO THÁSTÁIL TIOMÁNA A CHUR AR CEAL - Ní mór fógra cealaithe 10 lá a thabhairt, é sin nó forghéillfear an táille.
Níl cead ach dhá chealú a dhéanamh ar choinní a eisítear de bhun an iarratais seo. Forghéillfear an táille má dhéantar aon cheallaithe thairis sin.

EOLAS EILE
Tá leagan Béarla den fhoirm seo le fáil. Aon duine a chomlánann an fhoirm seo i nGaeilge nó a chomlánann an leagan Gaeilge di, stiúrófar a dtástáil trí mheán na Gaeilge. Mura bhfuil ar do chumas Gaeilge a labhairt nó má tá tú bodhar, ceadaítear duit teangaire a bhreith leat. Ní ceadmhach don duine sin a bheith gaolta leat ná a bheith i do theagascóir tiomána agus ní féidir leis/léi a bheith i do theannta i rith na tástála praiticiúla.

Bíonn líon na dtástálacha ar ghearrfhóga ag brath ar líon na n-iarratasóirí a chuirfidh a dtástáil ar ceal; mar gheall air sin ní féidir leis an Roinn tástáil luath a ráthú i gcás gach iarratais phráinnigh. Tá eolas breise ar an Tástáil Tiomána le fáil sa leabhrán dar teideal "Rialacha an Bhóthair" agus is féidir é a cheannach in oifigí poist.

D'FHEABHAS LEANÚNACH A CHUR AR A SEIRBHÍSÍ AGUS FÁILTÍONN SÍ ROIMH THUAIRISCÍ. MÁS MIAN LEAT GEARÁN FOIRMIÚIL A DHÉANAMH SCRÍOBH CUIG AN OIFIGEACH GEARÁIN, AN RANNÓG TÁSTÁLA TIOMÁNA, OIFIGÍ AN RIALTAIS, AN ROINN COMHSHAOIL AGUS RIALTAIS ÁITIÚIL, BÉAL AN ÁTHA, CO. MHAIGH EO.