Ag ullmhú do do Thástáil Tiomána
 
Le leagan PDF Adobe den chomhad seo a fheiceáil, cliceáil anseo le do thoil: Ullmhúchán do do thástáil (PDF, 26 KB) Cliceáil le do thoil ar an íomhá chun Adobe Acrobat Reader a íostarraingt.

Get Acrobat Reader

Cén fáth gur ann don Tástáil Tiomána?

Is ann don tástáil tiomána lena dhéanamh amach:

  • an bhfuil Rialacha an Bhóthair ar eolas agat;
  • an bhfuil an t-eolas agus an scil agat le tiomáint go hinniúil faoi réir na rialacha sin;
  • an dtiománann tú agus meas agat ar shábháilteacht agus ar chaoithiúlacht úsáideoirí eile an bhóthair.

Ag ullmhú do do Thástáil Tiomána

Ba chóir duit:

  • staidéar cúramach a dhéanamh ar leabhrán Rialacha an Bhóthair;
  • cabhair teagascóra mhaith tiomána a lorg;
  • tiomáint a chleachtadh chomh mór agus is féidir ar gach cineál bóthair agus i ngach cineál cúinsí tráchta, lena n-áirítear tiomáint san oíche;
  • do thaithí agus do mhuinín tiomána a neartú sula gcuireann tú isteach ar do thastáil.
Seachain:
  • bac gan ghá a chur ar thrácht nó buaireamh a dhéanamh d'úsáideoirí eile bóthair;
  • cleachtadh ar bhealaí tástála tiomána den chuid is mó; is féidir le tranglam tráchta ar na bealaí sin cur as d'áitritheoirí agus d'iarratasóirí tiomána araon.
Cúinsí ar leith
Ba chóir duit do Rannóg Tástála Tiomána a chur ar an eolas roimh ré:
  • má tá deacrachtaí móra éisteachta agat;
  • má tá tú srianaithe i do ghluaiseachtaí nó má tá tú faoi aon mhíchumas a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar do chuid tiomána;
  • má tá tú ag tiomáint feithicle oiriúnaithe.
Cuirfidh sin deireadh le haon mhoill ar lá na tástála.
Mura bhfuil cumas urlabhra agat nó má tá tú bodhar, ceadófar duit teangaire a bheith i do theannta. Ní ceadmhach don duine sin a bheith mar theagascóir tiomána agat, ní féidir leis/léi a bheith i do theannta do do thástáil phraiticiúil.

Do Choinne

De ghnáth tabharfar fógra coinne duit ceithre nó cúig seachtain roimh do thástáil. Léireoidh an fógra sin an t-am, an dáta agus an t-ionad don tástáil mar aon leis na coinníollacha nach mór a chomhlíonadh. Léigh an fógra sin go cúramach le do thoil mar go mb'fhéidir go gcabhróidh sé le fadhbanna a sheachaint ar lá na tástála.
Leagfar amach freisin ann na socruithe le do choinne a chur ar ceall má tharlaíonn gur gá sin a dhéanamh.

Lá na Tástála

Ba chóir duit a bheith i láthair ag an lárionad tástála roimh an am atá leagtha amach don tástáil. Má bhíonn tú déanach, ní feidir leanacht leis an tástáil agus forghéillfear an táille.

Seiceáilfidh an tástálaí tiomána do cheadúnas sealadach agus cinnteoidh sé/sí:

  • go mbaineann sé leatsa;
  • go bhfuil sé reatha;
  • go mbaineann sé leis an gcatagóir cheart feithicle.
Iarrfar ort ráiteas a léamh agus a shíniú a dheimhneoidh:
  • go bhfuil d'fheithicil oiriúnach don bhóthar;
  • gur ann do chlúdach árachais feithicle agus go bhfuil sé dóthaineach.
Ba chóir duit a chinntiú, mar sin:
  • go bhfuil na criosanna sábháilteachta in ord;
  • go bhfuil na dioscaí cánach
  • agus árachais suas chun dáta;
  • go bhfuil na plátaí 'L' in ord;
  • go bhfuil d'fheithicil oiriúnach don bhóthar;
  • go bhfuil na soilse táscaire agus na soilse coscáin glan agus in ord maith oibre;
  • go bhfuil na fuinneoga glan agus soiléir;
  • san áit go raibh na suíocháin deartha le srianta cinn a bheith ann, ní mór do na srianta sin a bheith ann ar lá na tástála;
  • nuair a bhaineann, ní mór diosca an Tástála Náisiúnta Gluaisteán a bheith ar taispeáint ar an scáth;
  • má bhíonn tú ag glacadh tástáil gluaisrothair ní féidir le taobhcharr a bheith ceangailte den ghluaisrothar (ní gá go mbaineann an riail sin le hiarrthóirí atá faoi mhíchumas);

An Tástáil

Ní bhíonn an tástáil tiomána casta. Do ghluaisteáin beidh sé isteach agus amach le 40 nóiméad ar fhad agus áireoidh sé:

  • ceisteanna ar Rialacha an Bhóthair (lena n-áireofar comharthaí bóthair a aithint);
  • comharthaí láimhe a léiriú;
  • cúlú timpeall coirnéil;
  • casadh timpeall sa bhóthar;
  • tosú in aghaidh cnoic;
  • tuairim agus cúig mhíle a thiomáint in éagsúlacht choinníollacha tráchta agus bóthair.
Déanfar do thiomáint a mheas sna cúinsí seo a leanas:
  • ag dul chun siúil;
  • ag tiomáint i dtrácht;
  • ag stopadh;
  • ag cúlú timpeall coirnéil;
  • ag casadh thart le haghaidh a thabhairt ar mhalairt treo;
  • ag tosú in aghaidh cnoic;
  • ag páirceáil.
I measc na ngnéithe de do thiomáint a mheasfar áireofar:
  • ionadú bóthair;
  • scoitheadh agus dul thar ghluaisteáin;
  • gach a mbítear ag súil leis agus a dtugtar faoi deara;
  • úsáid scáthán agus comharthaí;
  • dul chun cinn;
  • luas;
  • cloí le soilse tráchta, comharthaí bóthair agus marcálacha;
  • úsáid na rialtáin feithicle (luasaire, crág, giaranna, coscáin agus stiúradh).
  • úsáid na rialtáin thánaisteacha ar nós cuimilteoirí, dínéaltóirí, &rl.
Ciallaíonn leasaithe a rinneadh le gairid ar an tástáil gur chóir duit a chinntiú:
  • yougo bhfuil a fhios agat conas na rialtáin thánaisteacha ar nós cuimilteoirí agus niteoirí gaothscátha, dínéaltóirí, téiteoir fuinneoige cúil, soilse agus aeroiriúnú arna fheistiú a oibriú. Ní mór duit fios a bheith agat freisin conas an suíochán, an crios tarrthála agus an scáthán a choigeartú agus a chinntiú go mbíonn na doirse dúnta;
  • i gcás tástála gluaisrothair, ní mór duit a bheith in ann an meaisín a thógáil óna sheastán. Ní mór duit fios a bheith agat freisin conas do chlogad a choigeartú;
  • i gcás fheithicil agus leantóir, ní mór duit fios a bheith agat conas an leantóir a dhíchúpláil agus a athchúpláil ón/chuig an bhfeithicil tarraingte;
  • i gcás thástáil fheithicle troime, ní mór duit fios a bheith agat conas na coscáin chumhachtchúnta agus na córais stiúrtha a sheiceáil, agus conas aon mhoilleoir nó coscán sceithphíopa faoi mar a fheistítear don fheithicil a úsáid;
  • i gcás na tástála bus, ní mór duit fios a bheith agat freisin conas an comhala stoptha breosla chomh maith leis an bpríomhlasc cumhachta a oibriú agus conas aon doirse cumhachtaithe faoi mar a fheistítear don fheithicil a oscailt agus a dhúnadh le lámh;
Ní cheadaítear d'aon phaisinéirí seachas an tástálaí tiomána agus/nó tástálaí maoirseoireachta a bheith i do theannta san fheithicil i rith na tástála praiticiúla. Ní cheadaítear peataí a bheith san fheithicil i rith na tástála.

Eolas úsáideach chun cuidiú leat:

  • tuigfidh an tástálaí tiomána go bhféadfadh tú a bheith neirbhíseach agus déanfaidh sé/sí iarracht tú a chur ar do chompord;
  • ní fearacht do theagascóir, ní thabharfaidh an tástálaí tiomána aon spreagadh ná aon chomhairle duit. Ní ceart go gcuirfeadh an cur chuige foirmeálta sin as duit, ar ann dó lena chinntiú go gcaithfear go cothrom le gach iarratasóir;
  • cé go dtabharfar treoracha soiléire duit i rith na tástála, má tharlaíonn nach dtuigeann tú treoir ar leith, iarr ar an tástálaí é a athrá nó a shoiléiriú;
  • má dhéanann tú dearmad, ná bíodh imní gan ghá ort. D'fhéadfadh sé nach mbeadh sé chomh tromchúiseach agus a shamhlófá agus b'fhéidir nach gciallaíonn sin gur chlis tú;
  • b'fhéidir go mbeadh tástálaí maoirseoireachta i dteannta an tástálaí - is gnáthrud é sin.

Luchtanna comónta a chuireann le Cliseadh Tástála

Seo a leanas na lochtanna is comónta a thugann ar iarrathóirí cliseadh ina dtástáil tiomána:
  • gan breathnú dóthaineach ag dul chun siúil agus iad ag acomhail, ag compail agus nuair a bhítear ag athrú lánaí;
  • cliseadh ina bheith ag súil le gnímh thiománaithe eile;
  • ionadú bóthair mícheart ar phíosa díreach, ar chastaí, ag casadh ar chlé, ag casadh ar dheis, ag compail, agus nuair a bhítear ag scoitheadh;.
  • gan dul chun cinn dóthaineach ag acomhail, compail, ar phíosa díreach, agus nuair a bhítear ag scoitheadh;
  • úsáid mhícheart nó úsáid nach mbíonn dóthaineach á bhaint as scátháin agus comharthaí;
  • gan cloí le rialtáin tráchta, m.sh. comharthaí agus marcáil bhóithre agus soilse tráchta;
  • úsáid mhícheacht, mhíoiriúnach nó úsáid nach mbíonn dóthaineach de rialtáin fheithicle, lena n-áirítear giaranna, crág, luasaire, stiúradh, coscán láimhe, coscán coise, agus rialtáin thánaisteacha;
  • an iomarca luais do na cúinsí bóthair nó tráchta;
  • cliseadh i gceart slí a ghéilleadh do dhaoine eile;
  • easpa cumais sna gluaiseachtaí ar chúl agus casadh timpeall.
I measc na lochtanna a bhíonn ar thiománaithe gluaisrothair áirítear:
  • cliseadh in 'u' chasadh a dhéanamh i gceart;
  • gan smacht dóthaineach ag luas íseal;
  • gan breathnú dóthaineach ar chúl;
  • comharthaí láimhe míchearta nó gan a bheith dóthaineach.
Ní baol ar bith gur liosta iomlán iad na lochtanna a luaitear thuas. Ba chóir duit, faoi mar a thugadh le fios roimhe seo, staidéar cúramach a dhéanamh ar Rialacha an Bhóthair agus an oiread cleachtadh agus is féidir leat, i ngach cineál cúinse tráchta, a fháil agus tú ag ullmhú do do thástáil tiomána.

Toradh do Thástála

Má éiríonn leat:

Gheobhaidh tú teastas inniúlachta tiomána. Ceadaíonn sin duit cur isteach ar cheadúnas iomlán tiomána ag d'Oifig Mhótarchánach áitiúil. Bíonn an teastas bailí ar feadh dhá bhliain. Ba chóir duit ceadúnas tiomána a fháil laistigh den tréimhse sin nó beidh ort an tástáil tiomána a dhéanamh arís le do cheadúnas iomlán a fháil.
Meabhraigh, ní hionann éirí leat sa tástáil tiomána agus deireadh leis an tréimhse fhoghlamtha; mar sin lean ort ag tiomáint go cúramach agus ag cur le do thaithí i gcúinsí difriúla tráchta, aimsire, soilsithe agus bóthair.

Má chliseann ort:

Gheobhaidh tú tuairisc mhionsonraithe ar na lochtanna a tharla i rith na tástála. Tabhair aird ar leith orthu sin nuair a bhíonn tú ag ullmhú do do chéad tástáil eile gan, ar ndóigh, neamhaird a dhéanamh ar ghnéithe eile de do thiomáint.
Is féidir le duine a mheasann éagóirithe ag cinneadh tástála tiomána achomhairc a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche chuí faoi réir Alt 33 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961. Is féidir leis an gCúirt Dúiche diúltú don achomhairc nó má bhíonn sí sásta nár stiúraíodh an tástáil i gceart, is féidir léi ordú go gcuirfear tástáil eile ar an iarratasóir gan táille eile a íoc.

Riachtanais/srianta ar do thiomáint le ceadúnas sealadach:

Cuideachta:
Ní mór do dhuine ag a bhfuil ceadúnas iomlán tiomána don chatagóir feithicle a bhíonn á tiomáint a bheith i do theannta. Is iad na haon eisceachtaí ná:

  • nuair a bhíonn gluaisteán á tiomáint ar bhunús an dara ceadúnais shealadaigh;
  • nuair a bhíonn feithicil oibre á tiomáint, m.sh. tarracóir talmhaíochta;
  • nuair a bhíonn gluaisrothar á thiomáint;
  • nuair a bhíonn teastas reatha d'inniúlacht tiomána agat don chatagóir feithicle atá á tiomáint agat.
Ní féidir leat gníomhú mar thiománaí cuideachta, i.e. sealbhóir ceadúnais iomláin, do dhuine a bhíonn ag tiomáint le ceadúnas sealadach. Ní leor teastas inniúlachta tiomána a bheith agat.

Ba chóir do thiománaithe ar leith gluaisrothar, ag a mbíonn ceadúnas sealadach, seiceáil go cúramach an bhfuil siad i dteideal meaisíní le cumhacht innill os cionn 11 kw. nó 25 kw faoi mar a oireann an cás nó le cóimheas cumhacht/meáchain os cion 0.16 kw./kg a thiomáint.

Plátaí "L"
Ní mór do d'fheithicil (munar feithicil oibre nó gluaisrothar í) pláta 'L' a bheith ar taispeáint chun tosaigh agus chun deiridh. Ba chóir don phláta a bheith ina 'L' dearg ar chúlra bán.

Mótarbhealaigh:
Ní féidir leat tiomáint ar mhótarbhealach ar bhunús cheadúnais shealadaigh fiú amhain agus teastas inniúlachta i do sheilbh agat.

Leantóir:
Má bhíonn ceadúnas sealadach agat le feithiclí de chatagóirí B, C1, C, D1 nó D a thiomáint ní féidir leat aon fheithicil dá leithéid a thiomáint agus leantóir á tharraingt.

Ag iompar paisinéara:
ní féidir leat paisinéir a iompar i gcomhair luach saothair;

más tiománaí gluaisrothair tú, ní féidir leat paisinéir cúlóige a iompar;
más ag tiomáint fheithicil de chatagóir "W" duit (m.sh. feithicil oibre agus tarracóir talún), ní féidir leat paisinéir a iompar, seachas nuair a bhíonn an fheithicil déanta le paisinéir a iompar agus go mbíonn ceadúnas iomlán tiomána do chatagóir "W" ag an bpaisinéir.

Ceadúnas Sealadach Eile

Bíonn an tríú Ceadúnas Sealadach, nó aon cheadúnas sealadach ina dhiaidh sin, i gcomhair aon chatagóir d'fheithicil ag brath ar thástáil tiomána a bheith déanta agat laistigh den dá bhliain roimhe sin, nó fianaise leighis a sholáthar faoi nár thug tú faoi, nó fianaise a sholáthar maidir le coinne tástála tiomána atá le teacht chomh fada agus a bhaineann leis an gcatagóir feithicle a bhíonn i gceist. I gcás an phointe dheiridh sin, nuair a chuirtear isteach ar thástáil tiomána, ba chóir d'iarratasóirí iarratas scríofa a chur isteach óna nOifig Mhótarchánach áitiúil a léiríonn an gá do choinne tástála tiomána luath. Má bhíonn aon dabht agat faoi d'iontaofacht do Cheadúnas Sealadach ba chóir duit fiosrúchán láithreach a dhéanamh le d'Oifig Mhótarchánach áitiúil. Is féidir uimhreacha na nOifigí Mótarchánach a fháil faoin teideal "Údaráis Áitiúla" san Eolaí Teileafóin.

Do liosta Oifigí Mótarchánachais, cliceáil anseo ar: Oifigí Mótarchánachais

Seirbhísí Tomhaltóra

Tá an Roinn seo tiomanta d'fheabhas leanúnach a chur ar a seirbhísí agus fáiltíonn sí roimh thuairimí. Is féidir tuairimí a sheoladh chuig Oifigeach na Seirbhísí Tomhaltóra. Más mian leat gearán foirmeálta a dhéanamh scríobh, le do thoil, chuig an Oifigeach Gearán. Is é seoladh an dá oifigeach ná an Rannóg Tástála Tiomána, an Roinn Iompair, Oifigí an Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo.

"Is mar threoir amháin atá an bhileog seo agus níl bunús dlí léi".