| Seiceanna Deireanncha do do Thástáil Tiomána |
|
|
|
||
|
Uaireanta ni reáchtáiltear
tástáileacha de bharr nach
gcomhlíonann iarratasóirí coinníollacha áraithe lá na tástála. Tá na príomh
coinníollacha tugtha thíos faoi seo.
Is coinníollacha dlíthiúil cuid acu, m.sh. doimhneacht iomaire bonn. I
gcásanna áraithe tá siad ann chun a chinntiú go gcomhlíonann an fheithicil riachtanais Sláinte agus Sábháileacht,
m.sh. tacaíocht cinn festithe.
1.
Caithfdh
tú a bheith i lathair san ionad tástála roimh an ám atá ceaptha do do
thástáil. Má bhíonn tú déanach, ní
féidir an tástáil a reáchtáil agus forghéillfear an
táille.
2.
Caithfidh tú do Cheadúnas
Sealadach ( ní leor admháil ) a thaispeáint don tástálaí tiomána. Déanfaidh
sé/sí a chinntiú gur leatsa a
bhaineann sé, gur ceann reatha é agus gur don earnáil cheart feithicle
é.
3.
Caithfidh árachas a bheith
agat chun an fheithicil a
thiomáint. Tá gá diosca árachais reatha bailí a thaispeáint ar an bhfuinneog. Caithfidh an diosca
seo uimhir chláraithe na feithicle
(ní uimhir chreathlaigh) agus dátaí
an pholasai a thaispeáint. Muna bhfuil na sonraí soiléir beidh gá diosca nua a fháil roimh do
thástáil.
4.
Caithfidh na rudaí seo leanas a bheith ar
thaispeáint ar do fheithicil . (1) Diosca cáin mótair reatha bailí. (2) Diosca -
Carr Teist Naisiunta - má bhi sé riachtanach go ndéanfeadh do charr an C.T.N. ní thogfar amach ar an Tástáil é
gan an diosca cuí ar thaispeáint.
(3) "L-Plátaí" i dtosach agus ar chúl. (L dearg ar chúlra bán.)
5.
Caithfidh do fheithicil a
bheith ródacmhainneach. Go speisialta:
(i) Caithfidh na boinn
riachtanais Act um Thrácht ar na Bóithre
a chomhlíonadh.( 1.6 mm an doimhneacht is lú do iomaire boinn i gcas carr.)
(ii) Caithfidh ualaigh a bheith
feistithe agus ceangailte i gceart. Ba cheart scriúirí, sceanaí, buidéil gáis srl. a
cheangail sula thosnaíonn an tiomáint. Níl cead agat paisnéirí no peataí a
iompair le linn do thástála.
(iii) Caithfidh an fhuinneog a
bheith glan agus soiléir, gan scoilteanna iomarcacha.
(iv) Caithfidh crios suíocháin
ar thaobh an tástálaí a bheith feistithe agus in ord.
(v)Caithfidh doras an
phaisnéara ar thaobh an tástálaí a bheith ag obair i gceart agus ba cheart é a
bheith inoscailte ón taobh istigh agus ón taobh amuigh.
(vi) Caithfidh meicniocht
chrochta an chairr a bheith ag obair i gceart.
(vii) Caithfidh na táscairí agus
na soilse coscáin a bheith glan agus i bhfearas maith oibre.Caithfidh na táscairí go léir dath omra a
thaispeáint.
(viii) Caithfidh an coscán láimhe
a bheith i bhfearas maith oibre.
(ix) Ní reachtáilfear /ni
chriochnofar an tástáil má lasann solas córais rabhaidh, m.sh. rabhadh
coscáin.
(x) Ni cheart go mbeadh aon
gáis on inneall ag sceitheadh isteach sa charr.
(xi) Más rud é gur dearadh na
suíocháin chun fearais tacaíochta cinn a iompair caithfidh na fearais s a
bheith in ait lá na
tástála.
(xii) Eile - dfhéadfeadh sé tarlú
, de bharr fabhtanna nó easnaimh eile, go mbeadh an tástálaí den tuairim nach mbeadh an fheithicil
ródacmhainneach go leor chun an
tástáil a reachtáil.
Iarrfar ort ráiteas a shíniú
á dhearbhú go bhfuil do fheithicil
ródacmhainneach.
Ma tá aon cheisteanna agat
maidir le na cúrsaí seo ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Rannóg Tástála
Tiománaithe, Fón (096) 24200, roimh dáta an
tástála.
|