Ceisteanna a Chuirtear go Minic

C. Cé mhéad ionad tástála tiomána atá sa tír?

F. Tá 51 ionad tástála sa tír faoi láthair. Gheobhaidh tú léarscáileanna láthair do gach ionad ar an láithreán líonra seo.

C. An gcaithfidh mé mo thástáil tiomána a dhéanamh i m'ionad tástála áitiúil?

F. Ní chaithfidh. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an tástáil ag aon ionad tástála. Tabhair ar aird nach féidir feithiclí áirithe a scrúdú ag gach ionad. Féadfar tástálacha i bhfeithiclí nó i dtarracóirí oibre a dhéanamh, más cuí, ag láthair níos gaire do do bhaile ná an t-ionad tástála.

C. Conas a bheidh a fhios agam cén catagóir ceadúnais lena mbaineann m'fheithicil?

F. Leagann an fhoirm iarratais do thástáil tiomána ar an láithreán líonra seo liosta amach de chatagóirí ceadúnais agus na feithiclí lena mbaineann siad.

C. Cad iad na táillí do na catagóirí éagsúla a bhaineann leis an tástáil?

F. Catagóir A, A1, B, EB, M, W EUR 75
  Catagóir C, C1, D, D1,EC, EC1, ED, ED1 EUR 110

C. Cé chomh luath tar éis iarratas a dhéanamh a bhféadfainn a bheith ag súil le glaoch i gcomhar tástála?

F. Ba chóir duit féachaint ar na leathanaigh a bhaineann le hamanna feithimh ar an láithreán líonra a thabharfaidh tuairim duit maidir leis an scála ama a bheidh i gceist.
Gheobhaidh tú fógra maidir le do choinne ceithre nó cúig seachtaine roimh an tástáil.

C. An féidir liom tástáil luath a iarraidh de bharr fostaíochta?

F. Is féidir tástáil luath a eagrú sa chás sin; ach caithfidh tú dearbhú i scríbhinn ó d'fhostóir (fostóir amach anseo) a chur ar fáil a dhearbhaíonn go bhfuil post á thairiscint duit, a éilíonn ceadúnas iomlán. Ba chóir go mbeadh an dearbhú ar cheannpháipéar na cuideachta agus caithfidh uimhir RSI an fhostóra a bheith air. Ina leithéad de chás d'fhéadfadh an t-iarrthóir fógra a fháil go gairid maidir le coinne le haghaidh tástála.

C. Cad a tharlóidh má chuirim mo choinne le haghaidh tástála ar ceal?

F. Tá sé fíorphráinneach go gcuirfeá é sin in iúl don Roinn chomh luath agus is féidir. Beidh duine éigin eile a bheidh ag fanacht ar feadh scaithimh in ann d'amsa a ghlacadh. Féadfaidh tú do choinne a chur ar ceal trí scríobh chuig an Rannóg Tástála Tiomána, An Roinn Iompair, Oifigí an Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo, nó trí faics ag (096) 24400, nó trí theileafón i rith uaireanta oifige ag LoCall 1890 40 60 40 nó ar an seirbhís chur ar ceal 24 uair an chloig, seacht lá na seachtaine ag (096) 24250. Féadfaidh tú cur ar ceal ar ríomhphost tríd an láithreán líonra seo. Sa chás go dtugann tú fógra 10 lá agus nach bhfuil tú tar éis níos mó ná coinne amháin a chur ar ceal cheana féin agus tú an t-iarratais seo á dhéanamh agat, ní chaillfidh tú an táille.

C. Cad a tharlóidh má chuirtear mo thástáil ar ceal agus gan locht ar bith a bheith ormsa?

F. Tá córas i bhfeidhm ag an Roinn chun díláithreachtaí na dtástálaithe a chlúdú, ach ní féidir gach cás a chlúdú. Ó am go ham, de bharr tinneas a bheith ar thástálaí, droch choinní srl., cuireann an Roinn tástála ar ceal ar bheagán fhógra. Déantar gach iarracht chun teagmháil a dhéanamh leis an iarrthóir tastála ar an bpointe. I gcás den sórt sin eagróidh an Roinn tástáil eile in aisce ar dháta chomh luath agus is féidir. Déanfaidh an Roinn aisíoc roinnt speansais as póca m.sh feithicil ar cíos ar lá na tástála a mheas nuair a fhaigheann an Roinn an t-éileamh cuí.

C. Cad a dhéanfaidh mé nuair a thiocfaidh mé chomh fada leis an ionad tástála tiomána?

F. Ba chóir duit iarracht a dhéanamh teacht chuig an ionad roimh an am atá tú ceaptha a bheith ann. Ná fan i do charr nó lasmuigh den ionad, ba chóir duit dul isteach san ionad tastála áit a chuirfidh an tastálaí fios ort don tástáil.

C. Conas a dhéantar an tástáil tiomána?

F. Iarrfaidh an tástálaí ort do cheadúnas tiomána sealadach don chatagóir cuí a thaispeáint dó/di; éileofar ort dearbhú a shíniú go bhfuil tú faoi árachas chun an fheithicil sin a thiomáint. Fiafrófar roinnt ceisteanna díot a bhaineann le rialacha an bhóthair. Ina dhiaidh sin, tosóidh an mhír phraiticiúil "ar an mbóthar" de do scrúdú. Tabharfaidh an tástálaí isteach san ionad tástála tú tar éis duit an scrúdú a dhéanamh agus tabharfaidh sé/sí toradh na tástála duit.

C. Cad iad na héilimh Árachais don tástáil tiomána?

F. Caithfidh tú diosca árachais reatha a bheith ar taispeáint ar do fheithicil agus caithfidh tú a bheith faoi árachas chun an fheithicil sin a thiomáint. Is eisceachtaí iad seo a leanas - feithiclí atá cláraithe thar lear, feithiclí faoi úinéireacht an stáit, gluaisrothair, tarracóirí talmhaíochta, feithiclí oibre agus feithiclí de chuid Bus Átha Cliath agus Bus Éireann. I gcás feithiclí atá cláraithe thar lear nó feithiclí cabhlaigh éileofar ort scríbhinn a fháil ó do árachasóir a léiríonn go bhfuil tú faoi árachas i gceart chun an tástáil sin a dhéanamh. Caithfear an scríbhinn sin a thaispeáint don tástálaí roimh an tástáil tiomána.

C. An leor Teastas Árachais mura bhfuil mo dhiosca árachais faighte agam?

F. Ní leor, caithfidh an fheithicil diosca atá cothrom le dáta a thaispeáint. Ní bheadh sé chomh so-oibrithe, de bharr an ceangal ama a bhíonn ar tástálaí chun Teastas Árachais a scrúdú.

C. Tá mé ag tiomáint feithicle eachtrannaí an bhfuil orm diosca árachais agus cánach a bheith ar taispeáint do mo thástail tiomána?

F. Tá diosca cánach ag teastáil sa chás go bhfuil an fheithicil cláraithe sa Ríocht Aontaithe nó i dTuaisceart Éireann. Cé is moite de sin ní chaithfidh feithiclí eachtrannacha diosca cánach ná árachais Éireannach a thaispeáint. Ach ba chóir dóibh a gcuid rialacha Náisiúnta féin a chomhlíonadh. Éileofar ort fianaise a chur ar fáil ó do árachasóir ag dearbhú go bhfuil tú faoi árachas don scrúdú tiomána. Caithfear é seo a thabhairt don tástálaí sula dtosaíonn an tástáil.

C. An féidir liom mo thástáil tiomána a dhéanamh de bhonn ar cheadúnas sealadach ó thír eile?

F. Ní féidir. Caithfidh tú ceadúnas sealadach Éireannach a bheith agat sa chatagóir cuí.

C. Má tá ceadúnas tiomána iomlán agam ó Thír eile an gcaithfidh mé scrúdú tiomána a dhéanamh in Éirinn?

F. Má tá ceadúnas tiomána iomlán dlisteanach reatha agat eisithe ó bhallstát de chuid an AE nó ó cheann de na "stáit aitheanta" is féidir leat malartú a dhéanamh ar an gceadúnas sin do Cheadúnas iomlán Éireannach. Ba chóir duit dul i dteagmháil le d'Oifig Cáin Mótair le haghaidh tuilleadh mionsonraí.

C. Cad iad na príomhéilimh feithicil don scrúdú?

F. Caithfidh an fheithicil a bheith acmhainneach don bóthar. Ciallaíonn sé sin i measc nithe eile go gcaithfidh na coscáin agus na soilse táscairea bheith ag obair, má bhíonn suíocháin deartha le tacaí cinn, ní mór dóibh sin a bheith ina n-áit cheart agus caithfidh na boinn a bheith líonta le haer go doimhneacht 1.6mm ar a laghad. Ní leanfar leis an scrúdú má cheaptar nach bhfuil an fheithicil acmhainneach don bóthar, caillfidh tú do tháille agus beidh ort cur isteach ar an scrúdú arís.

C. Cad is feithiclí oibre ann?

F. Is feithiclí oibre feithiclí ar nós JCBanna, forklift nó rollóirí bóthair. Tá feithiclí oibre deartha sa chaoi is go bhfuil uasluas nach dtéann níos tapa ná 40 Ciliméadar san uair acu.

C. Tá coinne agam do thástáil tiomána ach nílim in ann freastal air, an féidir liom an coinne a aistriú chuig cara liom?

F. Ní féidir. Ní féidir ach leo sin a rinne iarratas dlisteannach agus atá ar sceideal le haghaidh coinne ag an Roinn an scrúdú a dhéanamh.

C. An gá diosca na Tástála Náisiúnta Gluaisteán a bheith ar taispeáint?

F. Is éileamh dlíthúil é do gach carr a rinne an NCT an diosca NCT a bheith ar taispeáint. Ní leanfar leis an tástáil tiomána mura bhfuil an diosca NCT ar taispeáint ar charranna a rinne an NCT.

C. An gcuireann an Roinn na feithiclí ar fáil don tástáil?

F. Ní chuireann, caithfidh an iarratasóir feithicil acmhainneach don bóthar a chur ar fáil don tástáil.

C. Conas a dhéantar tastáil ghluasrothair nó tarracóra?

F. Tabharfaidh an tástálaí sonraí duit den bealach agus leanfaidh sé tú i gcarr.

C. An bhfuil aon socruithe speisialta ann chun freastal ar iarrthóir tástála atá faoi mhíchumas nó a bhfuil deacrachtaí teanga aige/aici?

F. Má bhíonn tú bodhar nó mura féidir leat Béarla ná Gaeilge a labhairt is féidir leat teangaire a thabhairt leat. Ní féidir leis an duine seo a bheith mar theagascóir tiomána agat agus ní féidir leis/léi teacht leat sa mhír phraiticiúil den tástáil. Is féidir leis an tástálaí treoracha scríofa a thaispeáint duit don chuid sin den tástáil agus iad a thaispeáint nuair is gá; is féidir leis an tástálaí teanga comharthaí bunúsacha láimhe a úsáid freisin. Tabhair ar aird, má bhíonn an fheithicil atá á húsáid agat don tástáil curtha in oiriúint do dhuine atá faoi mhíchumas m.sh., stiúir bhreise, beidh nóta de seo ar do cheadúnas tiomána iomlán. Tá ceist ar an bhfoirm iarratais don tástáil tiomána maidir le riachtanais speisialta. Ba chóir d'iarrthóir ar bith le riachtanas speisialta é sin a chur in iúl ar an bhfoirm ionas gur féidir socruithe cuí a dhéanamh nuair a thagann sé/sí i gcomhair tástála.

C. Conas a théann an Tástáil Teoirice i bhfeidhm ar an tástáil tiomána?

F.  Téann an Tástáil Teoirice i bhfeidhm ar dhaoine a bhíonn ag déanamh iarratais ar an gcéad cheadúnas sealadach Éireannach ar an dáta a thugtar an Tástáil Teoirice isteach, nó ina dhiaidh. Níl nasc díreach aige leis an tástáil tiomána.

C. Sa chás go n-éiríonn liom sa Tástáil Teoirice an gcaithfidh mé an chuid béil (rialacha an bhóthair) den tástáil tiomána a dhéanamh?

F.  Caithfidh, beidh an scrúdú béil fós mar chuid den tástáil tiomána.

C. An bhfuil saoráid ann inár féidir an tástáil a dhéanamh i nGaeilge?

F.  Tá. Má dhéanann tú iarratas ar an tástáil sa leagan Gaeilge den fhoirm iarratais beidh do thástáil i nGaeilge.

C. An féidir liom carr le haistriú uathoibreach a úsáid don scrúdú?

F.  Is féidir. Má éiríonn leat i dtástáil inár úsáid tú aistriú uathoibreach ní cheadóidh do cheadúnas iomlán tiomána duit feithicil ar bith ach feithicil le haistriú uathoibreach a thiomáint.

C. Cén mhéid ama a d'fhéadfadh a bheith caite tar éis dáta éaga ceadúnais iomláin sula mbeadh ort tástáil tiomána eile a dhéanamh chun ceadúnas tiomána eile a fháil?

F.  Deich mbliana.

C. Sa chás go bhfuil mo cheadúnas tiomána sealadachcaillte nó go bhfuil damáiste déanta dó cad ba chóir dom a dhéanamh?

F.  Faigh cóip den cheadúnas ó d'Oifig Cháin Mótair áitiúil.

C. Cad a tharlóidh má éiríonn liom sa scrúdú tiomána?

F.  Eisóidh an tastálaí Teastas Cumais duit, ar féidir leat a mhalartú ar cheadúnas iomlán tiomána ag d'Oifig Cháin Mótair.

C. An bhfuil dáta éaga ar mo Theastas Cumais?

F.  Tá. Éagfaidh sé dhá bhliain tar éis an dáta eisithe.

C. Cad a tharlóidh sa chás go bhfuil mo Theastas Cumais os cionn dhá bhliain d'aois agus nár mhalartaigh mé ar cheadúnas iomlán é?

F.  Beidh ort an tastáil a athdhéanamh agus a phasáil chun ceadúnas iomlán a fháil.

C. Cad a tharlóidh má chailleann mé mo Theastas Cumais laistigh den tréimhse dhá bhliain?

F.  Beidh ort cóip a fháil de ón Rannóg Tástála Tiomána sa Roinn. Beidh ort ráiteas a sholáthar a bheidh dearbhaithe ag Garda go bhfuil an Teastas Cumais caillte agat.

C. Cad a tharlóidh má theipeann orm sa tástáil?

F.  Tabharfaidh an scrúdaitheoir tuairisc duit a insíonn go mion na gnéithe de do chuid tiomána a chúisigh an teip sa tástáil. Gheobhaidh tú Teastas freisin ag léiriú gur theip ort sa tástáil; ba chóir duit é seo a choinneáil mar go mb'fhéidir go dteastódh sé uait agus tú ag athnuachan do cheadúnas sealadach. Faraoir, níl cead ag an scrúdaitheoir do chuid torthaí a phlé leat. Má theastaíonn uait iarratas a dhéanamh ar tástáil eile, tá foirm iarratais ar fáil ag ionaid tástála nó is féidir leat iarratas a dhéanamh ar-líne ar an láithreán líonra seo.

C. Má theipeann orm sa tástáil tiomána an féidir liom mo cheadúnas sealadach a athnuachan?

F.  Braitheann a bheith i dteideal an tríú ceadúnas sealadach nó cuid ina dhiaidh sin ar an ndearnadh tú scrúdú tiomána laistigh den dhá bhliain atá caite nó ar fhianaise míochaine a sholáthar a mhíníonn cén fáth nach ndearna tú é nó ar fhianaise a léiríonn go mbeidh coinne tástála agat go gairid. Míneoidh d'Oifig Cáin Mótair saincheisteanna duit maidir le bheith i dteideal do cheadúnas sealadach.

C. Má theipeann orm sa tástáil tiomána an mbeidh an tástálaí céanna ag déanamh tástáil ar bith ina dhiaidh sin liom?

F.  Ó am go ham beidh an tástálaí céanna agat. Ach, is polasaí de chuid na Roinne é nach dtabharfar an scrúdaitheoir céanna arís agus arís eile duit.

C. Má theipeann orm sa tástail tiomána an féidir liom achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh na tástálaí?

F.  Forálann Alt 33 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 d'achomharc chuig An Chúirt Dúiche. D'fhéadfadh an Chúirt cinneadh na tástálaí a dhaingniú nó ordú a thabhairt go dtabharfaí tástáileile duit in aisce.

C. Conas is féidir liom mo thuairimí a chur in iúl don Roinn faoi ghné ar bith den tseirbhís tástála tiomána.

F. Déan tagairt le do thoil don nasc 'Aiseolas' ar an láithreán líonra seo le haghaidh a thuilleadh eolais.